FAOI ACAILL | Teach na bPaidreacha | Cruinniú Bádóirí Acla | NaiscOileán Acla, seod fholaigh na hÉireann |
'Sé Oileán Acla an t-oileán is mó ar chósta na hÉireann, ag síneadh 20km soir siar agus 18km ó thuaidh ó dheas. Tá faid de 120km ina chósta cáiliúil, creagach agus sléibhtiúil agus is ann atá na hailltreacha mara is airde san Eoraip ag Cruachán. Tá dhá shliabh shuntasacha in Acaill, Sliabh Mór (672m) agus Cruachán (668m) agus is díol íontais iad na hailltreacha a chruthaíonn An Mionnán (466m) ag taobh Dhú Cionn Aille de Thrá Mhór an Chaoil.
|
|
|
| Bhí cónaí uair in Acaill ar roint phearsain stairiúla, agus ina measc, nach beag, bhí Gráinne Uí Mháille (Gráinne Uaile), an bhanfoghlaí nó 'banríon mara' sa 16ú céad. Is sárshampla de theach túir Éireannach den 15ú céad é caisleán Ghráinne Uí Mháille (féach íomhá thuas) a tógadh i gCill Damhnait in Acaill. Ba in Acaill a rugadh an tAthair Mánus Mac Suibhne, sagart a cuireadh chun báis tar éis éirí amach na bliana 1798 agus bhí an Caiptín míchlúiteach Boycott ina úinéir ar Theach Coire Mhóir agus ina thiarna talún ar eastát in iarthar an oileáin. D'éirigh le fear áitiúil, Séamas Ó Loinseacháin as Acaill, míchlú idirnáisiúnta a bhaint amach nuair a d'éalaigh sé faoi dhó ó choimead na bpóilíní tar éis dó bantiarna talún Gallda a ionsaí sa bhliain 1894. B'é a chás siúd ba bhun leis an dráma le J. M. Synge 'The Playboy of the Western World' as ar dearnadh an scannán 'Love & Rage' i 1998. Tá breis is 70 fothrach de thithe cónaí sa Bhaile Tréigthe ar shleasa an tSléibhe Mhóir atá mar chuimhneachán dodhearmadtha den saol mar a bhí. Is fada Oileán Acla mar spreagadh agus inspioráid ag ealaíontóirí agus scríbhneoirí. Ina measc bhí an t-ealaíontóir radharc tíre Éireannach Paul Henry a chaith deich mbliana ina chónaí agus ag saothrú ar an oileán idir 1910 agus 1919. Ba mhinic d'ealaíontóir eile, an Meiriceánach Robert Henri cuairt a thabhairt ar Acaill ins na ficheadaí agus ina dhiaidh sin ins na caogadaí bhíod an t-órscéalaí Graham Greene ar saoire agus ag obair i mbaile Dhó Acha agus bhí cónaí ar an údar Gearmánach, Heinrich Boll a bhuaigh an duais Nobel, i nDú Goirt i dtuaisceart an oileáin. |
|
Óstán Oileán Acla Gob a'Choire Co. Mhaigh Eo t: +00353 (0)98 45138 IN ENGLISH View this page in English. [Click here] EN FRANÇAIS Lisez cette page en Français. [Cliquez ici] AUF DEUTSCH Sehen Sie diese Seite auf Deutsch an. [Klicken Sie hier]
|
|
|