Suite ag an ngeata isteach go hOileán Acla, Co. Mhaigh Eo is óstán nuathógtha 26 sheomra, le bialann agus beár é Óstán Oileán Acla atá dá riaradh ar bhun clainne. Soláthraíonn muid scoth lóistín, siamsa oíche agus fáilte fial tradisiúnta d'ár gcuairteoirí go hOileán Acla, go Cuan Modh agus go hIarthar na hÉireann.
Lóistín óstáin ar Oileán Acla, Éire
B'é teach beag lóistín suite anseo ar ár n-áitreabh ag Gob a'Choire, an t-aon teach aíochta a bhí ag soláthar óstóireacht in Acaill agus i Leithinis an Churráin go dtí 1839. Ó shin i leith is iomaí athrú a tháinig ar an fhoirgneamh sin ag cur san áireamh siopa ceadúnaithe agus óstán chomh fada siar le 1880. B'í Alice Bean a'tSuibhnigh nach maireann, a bhí i mbun 'Óstán a'tSuibhnigh', Gob a'Choire, Oileán Acla, seanmháthair Mhichil Mhic Lochlainn, úinéir Óstán Oileán Acla.
Óstán Oileán Acla - An tÓstán is nuathógtha in Acaill
Leagadh Alice's Harbour Bar, a bhí mar mhéadú ar Óstán a'tSuibhnigh ar an Mháirt, 21ú Iúil 1999 le áit a dhéanamh don fhorbairt nua seo - Óstán Oileán Acla. Comhcheanglaíonn ár n-óstán atá á riaradh ar bhun clainne lóistín den chéad scoth agus áiseanna fleánna is féasta le gnéithe den chultúr agus den oidhreacht áitiúil as Acaill agus as an cheantar mórthimpeall, rud a bhfuil súil againn go mbainfidh sibh pléisiúr agus sult as.